Uiscí na Cúile
Tá Páirc na Cúile mar chuid de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Choimpléasc na Cúile-Gharealáin (cód suímh SAC 252), atá suite i limistéar íseal aolchloiche carstach siar ón nGort, i gContae na Gaillimhe. Tá sraith de lochanna séasúracha ann (turlaigh), cothaithe ag fuaráin agus abhainn atá faoi uisce go páirteach, timpeallaithe ag coillearnach, féarach agus fraochmhánna aolchloiche. I measc na dturlach is cáiliúla atá ar an suíomh tá An Laighdeacán, An Chrannach Thuaidh, An Ráithín, An Chrannach Theas, An Chúil, Gairealán, An Baile Nua agus Hawkhill.
Tá turlaigh ar liosta mar ghnáthóg tosaíochta in Iarscríbhinn I de Threoir an Aontais Eorpaigh um Ghnáthóga, agus is samplaí an-mhaithe iad turlaigh na Cúile-Gharealáin den chineál seo gnáthóige. I measc fhásra na dturlach tá lus an chladaigh (Littorella uniflora), cíb dhéise (Eleocharis palustris), puirpín uisce (Lythrum portula) agus sailchuach uisce (Viola persicifolia). Taifeadadh speiceas den Réiltín uisce (Callitriche palustris) ón suíomh le déanaí, an t-aon áit a bhfacthas é in Éirinn. Is díol spéise ar leith abhainn na Cúile féin mar gheall ar ghnáthóg abhann neamhchoitianta a bheith ann le scothóg leathan (Bidens tripartita), an blonagán dearg (Chenopodium rubrum) agus speicis den glúineach bheag (Polygonum spp.) mar chomharthaí sóirt.
Tá raon gnáthóg ar imeall na dturlach ar pábháil aolchloiche, lena n-áirítear pobail scrobarnaí ina bhfuil an paide bréan (Rhamnus catharticus) agus an sceach gheal (Crataegus monogyna). In áiteanna, d’fhorbair pobail fraochmhá thar an pábháil aolchloiche, ina bhfuil fraoch coiteann (Calluna vulgaris), aiteal (Juniperus communis), féar boirne (Sesleria albicans) agus corr iúr (Taxus baccata). Ina theannta sin, tá samplaí maithe ar an suíomh de chosán mín agus tailte féaraigh atá saibhir i speicis lena mbaineann. Tá limistéir bheaga féaraigh atá saibhir i magairlíní ag An Chúil-Gairealán. Áirítear ar an raon ildaite magairlíní atá le fáil anseo magairlín na stuaice (Anacamptis pyramidalis), nuacht bhallach (Dactylorhiza spp.), lus tadhla (Gymnadenia conopsea), Magairlín na gcuileanna (Ophrys insectifera) agus magairlín mór an fheileacáin (Platantherarantha).
I turned about and looked
where branches break
The glittering reaches of the flooded lake.”
– W.B.Yeats ‘Coole Park & Ballylee’, 1931
Tá dhá thurlach eile gar don Chúil; Tá turlach Gharealáin siar ón gCúil, agus turlach an Bhaile Nua suite ó dheas díreach taobh amuigh den Anaclann. Tá siad seo go léir rangaithe i measc na samplaí is fearr dá leithéid, agus tá tábhacht idirnáisiúnta leo.
Coillte na Cúile
Gné shuntasach a bhaineann leis na turlaigh i bPáirc na Cúile is ea go bhfuil dlúthbhaint acu le limistéir choillearnacha. Cé gur athraíodh codanna suntasacha den bhunfhoraois dhuillsilteach go coillearnach bhuaircíneach comhdhéanta de speicis neamhdhúchasacha, maireann clampaí de choillearnach dhuillsilteach leathnádúrtha. Is iad an Dair ghallda (Quercus robur) agus an Fhuinseog (Fraxinus excelsior) na príomhspeicis ar ithreacha níos doimhne agus níos torthúla áit a bhfuil roinnt coll (Corylus avellana), corr iúr (Taxus baccata) agus leamhán (Ulmus spp.). Tá roinnt limistéir neamhghnácha de choillearnach mion-darach ghallda ag fás ar phábháil aolchloiche freisin. De ghnáth ní dhéanann an speiceas darach seo coilíniú ar an gcineál seo foshraith.
Tá meascán de speicis dhúchasacha agus neamhdhúchasacha i gcuid de na coillearnacha duillsilteacha. Tá ciseal tor ilghnéitheach ag na coillearnacha measctha seo atá comhdhéanta de chrann feorais (Euonymus europaeus), pribhéad (Ligustrum vulgare), briúlán (Rosa pimpinellifolia), caor chon (Viburnum opulus), draighean (Prunus spinosa), Piorra (Pyrus pyraster) agus féithleann ( Lonicera periclymenum). Tá flóra na talún saibhir agus cuimsíonn sé lus na gaoithe (Anemone nemorosa), sailchuach chon (Viola riviniana), crobh geal (Geranium lucidum), lus na seilge (Asplenium trichomanes), rú crua (Galium boreale), grafán na gcloch (Sedum acre), méaracán gorm (Campanula rotundifolia) agus peasair shearbh (Lathyrus montanus). Tá na coillearnacha suntasach mar gheall ar láithreacht speiceas neamhchoitianta fungais Myxomycete, is iad sin, Licea idris, Licea marginata agus Macbrideola decapillata, na céad cinn a ainmníodh i gceann amháin de thrí shuíomh aitheanta don speiceas.
Soláthraíonn coimpléasc gnáthóg na Cúile-Gharealáin gnáthóg le haghaidh éagsúlacht speiceas mamaigh, lena n-áirítear an Dobharchú agus an cat crainn. Tá an Dobharchú ar liosta in Iarscríbhinn II de Threoir an AE maidir le Gnáthóga, agus meastar go bhfuil an cat crainn i mbaol san Eoraip. Tá ceann de na cnuasaigh feithidí is tábhachtaí agus is uathúla sa tír i gcoimpléasc na Cúile-Gharealáin, lena n-áirítear roinnt speiceas suntasach ciaróga agus cuileoga.
Mar gheall ar Yeats, tá aithne ag daoine ar fud an domhain ar na coillte sa Chúil. Déanann Yeats tagairt roinnt uaireanta do ‘Seven Woods of Coole’; i ndáiríre tá níos mó ná seacht gcinn ann. Bhí an-mheas ag na muintir Gregory ar na coillte agus thugadar an-aire dóibh, agus roghnaíodh ainmneacha go cúramach le haghaidh gach garrán agus gach plandáil. Ainmníodh an chuid is mó díobh mar gheall ar ghné thopagrafach áitiúil éigin, ach ainmníodh cuid acu i ndiaidh daoine, m.sh. Coill Isabella.
Ní coillte fiáine iad na coillte sa Chúil, ceantair de choillearnach nádúrtha nach léiríonn mórán cur isteach ón duine. Is coillte iad a dhéantar a bhainistiú, a bhfuil bunús le codanna díobh sa chlúdach coillearnaí nádúrtha atá fós le fáil i gcoirnéil anseo agus ansiúd, go háirithe ar an taobh thall den loch. Tá a gcarachtar nádúrtha clúdaithe ag cleachtas foraoiseachta a shíneann siar ar feadh níos mó ná 200 bliain.
Tá na speicis chrainn dhúchasacha ar fad le fáil sa choill sa Chúil, taobh le taobh le speicis a tugadh isteach, áit a bhfuil an fheá ar an gceann is flúirsí díobh, agus iad ar fad le fáil beagnach i ngach áit ann. Is é an feá rua an ceann is cáiliúla de na crainn seo go léir sa Chúil, mar is é seo an speiceas lena mbaineann an crann síniúcháin sa ghairdín. Tá crann cáiliúil eile, an ceann ab fhearr leis an mBantiarna Gregory de na crainn go léir sa Chúil – crann Catalpa (Catalpa bignonioides), le feiceáil go fóill díreach taobh istigh den bhealach isteach sa ghairdín. Tá sé caite ag an ngaoth anois agus sínte, ach fadó bhí sé ina chrann iontach, go háirithe faoi bhláth. Sa bhliain 1995 chuir gariníonacha na Bantiarna Gregory Catalpa eile ina ionad ag an suíomh seo.
Meastar gurb é córas turlaigh na Cúile-Gharealáin an ceann is éagsúla sa tír, ó thaobh fiseagrafaíochta agus fásra araon. Tá sé uathúil sa mhéid is go bhfuil baint chomh dlúth aige le coillearnach. Mar gheall ar chomhshuíomh an dá ghnáthóg ar leith seo, chomh maith le láithreacht turlaigh éagsúla, tá forbairt ar phobail neamhchoitianta ann, agus tá speicis neamhchoitianta feithidí agus plandaí ann a bhaineann leis na turlaigh agus leis an aistriú turlaigh/coillearnach. Tríd is tríd, tacaíonn raon na ngnáthóg dea-cháilíochta sa Chúil-Gairealán le héagsúlacht ard speiceas plandaí agus ainmhithe, rud a fhágann go bhfuil an suíomh seo ríthábhachtach ó thaobh an chaomhnaithe de.
Éin na Cúile
Ainmnítear an Chúil/Gairealán mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta freisin (cód suímh SPA 107) le haghaidh éin faoi Threoir an AE maidir le hÉin 1979. Is é is cúis leis seo go príomha ná a thábhachtaí atá sé d’éin uisce gheimhrithe, go háirithe an Eala Ghlórach (meán bhuaicphointe de 324 in 1995/96 – 98/99), Eala Bewick (79 sa gheimhreadh in 1996/97), Lacha rua (meán bhuaicphointe 1044 in 1995/96). – 98/99), Mallard ((meánbhuaicphointe de 330 i 1995/96 – 98/99), Pochard (meán bhuaicphointe 176 sa gheimhreadh 1995/96 – 98/99), chomh maith le líon níos lú de phraslacha, Lacha bhadánach, Pilibín, Crotach agus cearc ghainimh. Sa bhliain 1996 phóraigh seacht bpéire Pilibín ag Turlach an Bhaile Nua agus phóraigh dhá phéire Gaineamhlach ag Loch na Cúile.
Is gnáthóg an-tarraingteach freisin d’éin go ginearálta iad na coillte sa Chúl. Soláthraíonn na crainn iad féin cuaillí críche amhránaíochta agus suíomhanna neadaithe chomh maith le háiteanna fara sa gheimhreadh. Faoi bhun na gcrann tá éagsúlacht mhór de phlandaí agus toir síl a sholáthraíonn bia do na héin. Sa samhradh bíonn soláthar bia breise ag éin na coillearnaí leis na feithidí a fheictear ann. Is gnách go mbíonn na speicis éagsúla éan ag cothú ag leibhéil éagsúla sna sraitheanna coillearnaí agus mar sin seachnaíonn siad dul in iomaíocht lena chéile le haghaidh bia. I measc na n-éan a fhaightear go coitianta sa choill tá speicis níos mó cosúil le Collm coille, spioróg agus Scréachóg, atá éasca le haithint óna méid, a bpatrún eitilte agus a nglaonna. I measc na speiceas níos lú a fheictear go coitianta tá an spideog, an Lon Dubh, an Smólach ceoil, an Dreoilín, an Donnóg chomh maith le baill d’fhine an ghlasáin agus an mheantáin agus cuairteoirí samhraidh ar nós tiuf-teaf agus an ceolaire Sailí.