Garraí Daingean

Limistéar Picnic an Gharraí Daingin Bhí meas mór ag an mBantiarna Gregory ar an nGarraí Daingean nó Bláthanna mar a tugadh air a bhí thart ar 1.8 heicteár (4.5 acra). Sa bhliain 1898 d’iarr sí ar William Butler Yeats a chuid inisealacha a ghreanadh ar sheanfheá rua agus thar na blianta ina dhiaidh sin tugadh cuireadh do go leor aíonna mór le rá a gcuid inisealacha féin a chur leis. Ina measc bhí Sean O’Casey, George Bernard Shaw, Jack B Yeats, John Millington Synge, John Masefield agus Augustus John. Tá plaic ag bun an chrainn chun iad a aithint mar go bhfuil cuid acu ag éirí fann de bharr leighis nádúrtha créachta an choirt agus is ainmneacha nach bhfuil ar eolas sa stair iad cuid mhór díobh.

Chuir na ballaí arda foscadh ar fáil sa ghairdín chun fás plandaí agus bláthanna níos fíneálta a chumasú. Is anseo a bhí na tithe téacháin suite áit ar fhás fíonchaora agus torthaí coimhthíocha eile le haghaidh Theach na Cúile, agus foscadh acu faoi sraith Iúr Éireannach atá fós ann inniu. Soláthraíonn iarsmaí na dtithe téacháin seo limistéar clúdaithe le suíocháin agus boird picnice anois. Clón baineann a phóraítear go fásúil is ea an iúr Éireannach, ar féidir idirdhealú a dhéanamh air ón Iúr coitianta trína fhoirm dhíreach; nuair a fhástar é ón síol, filleann sé ar fhoirm an iúir choitianta. Taobh thiar de na crainn Iúr tá clog gréine anaileime, ie. clog gréine a úsáideann scáth duine chun an t-am a insint.

“Before I came here an old, old gardener…was said or fabled to have raised from seed that tall bastion of yew that guards the vineries from Northern snow and storm, and these should be a more enduring monument to him than awaits many of us, if what our old people say is true that three yew trees planted one after another “will wear out the world from its beginning to its latter end”. (An Bhantiarna Gregory)

Garraí DaingeanIn aghaidh an bhalla thoir ar phlionta tá dealbh bhrád marmair de Maecenas (c 80 R.Ch.), státaire Rómhánach oirirce agus pátrún liteartha, sa gcomhluadar shóisialta chéanna le Horace agus Veirgil. Thug Richard Gregory an dealbh go Teach na Cúile ón Iodáil go luath sa 19ú haois agus aistríodh é níos déanaí go dtí an láthair seo sa gharraí daingean:

“as if exhausted by such travel it found its resting place within our dwelling house for many years, until some awakening of energy……was the cause of its removal to the garden one summer day….” (An Bhantiarna Gregory)

Dúradh gur cuireadh an Catalpa (Indian Bean Tree), an crann a b’fhearr leis an mBantiarna Gregory, mar chrann óg sa Chúil, tar éis é a iompar thar fhásach ar dhroim chamaill agus é clúdaithe le mála déanta as cnáib. Is iomaí tráthnóna grianmhar a chaith an Bhantiarna Gregory faoi scáth an chrainn seo. Chuir gariníonacha na Bantiarna Gregory crann eile ina ionad sa bhliain 1995. “I have gone far out in the world, east and west in my time, and so the peace within these enclosing walls is fitting for the evening of my days”. (An Bhantiarna Gregory)


Crann Síniúcháin & Sínithe

Crann Síniúcháin

  1. Theodore Spicer-Simson
  2. George Bernard Shaw
  3. John Masefield
  4. An Chuntaois Ó Cromartie
  5. Augustus John
  6. Elinor Monsell
  7. An Craoibhin Aoibhinn (Dubhghlas de hÍde)
  8. Augusta, an Bhantiarna Gregory
  9. William Robert Gregory
  10. William Butler Yeats
  11. Sean Ó’Casey
  12. John Millington Synge
  13. Violet Martin “Ross”
  14. George W.Russell (A.E.)
  15. Jack B. Yeats

I measc na sínithe eile ar an gcrann tá George Moore, Sara Allgood, Lennox Robinson, An Bhantiarna Margaret Sackville, Frank Fay agus William Fay, JD Innes, Robert Ross, Ian Hamilton, John Quinn (dlíodóir as Nua-Eabhrac), agus An Bhantiarna Ethel Smythe.