Le linn na hAthbheochana Liteartha in Éirinn ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois, bhí an Chúil mar áit ina raibh daoine cáiliúla liteartha ag lorg tearmainn ó am go chéile, meallta ag flaithiúlacht agus díograis na Bantiarna Gregory, a ndearna George Bernard Shaw cur síos uirthi tráth mar ‘the greatest living Irishwoman’.
Tá ainmneacha go leor díobh siúd a chuidigh leis an Athbheochan Liteartha greanta ar Chrann Síniúcháin na Bantiarna Gregory – Feá rua iontach atá fós ina seasamh sa gharraí daingean. Ba é William Butler Yeats an chéad ainm a greanadh ar an gcrann, agus d’iarr sí air a chuid inisealacha a ghreanadh ar an gcoirt le linn samhradh na bliana 1898.
Fuair go leor daoine inspioráid ón gCúil. Dar leis an mBantiarna Gregory, nuair a thug Synge cuairt ar an gCúil nach ndeachaigh sé amach ar na bóithre riamh; chaith sé a chuid ama ar fad sa choill. D’fhoghlaim Sean O’Casey ainmneacha na gcrann ón mBantiarna Gregory agus iad ag siúl agus ag caint.
Ba é Yeats, áfach, ba mhó a fuair spreagadh ón gCúil, ón uair a tháinig sé ann ar dtús in 1897, agus é spíonta go fisiceach agus go síceolaíoch agus thug an Bhantiarna Gregory aire dó go raibh sé ina shláinte arís. Rinne sé cur síos uair amháin ar Chúil lena chomhfhile John Masefield mar an áit is áille ar domhan. Bhí sé mar chroílár a shaol in Éirinn, agus rinne sé cur síos air mar: “I found at last what I had been seeking always, a life of order and labour” shocraigh an Bhantiarna Gregory réim cothrom oibre agus scíthe dó agus chuir sí iallach air béilí cearta a ithe. Nuair a bhí sé ag fanacht ann, bhí sé ina chónaí i ndáiríre i saol eile. Agus é ag fánaíocht sna coillte agus ar na tailte, gafa ag dtírdhreach na samhlaíochta, is annamh a bheannódh sé do dhuine nach raibh aithne aige air, agus ní éistfeadh sé ach amháin ‘dá labhrófaí ar na síoga’.
Dar le Yeats, bhí i bhfad níos mó i bPáirc na Cúile ná an áit féin, cé go gcuireann go leor dá dhánta grá is fearr síos ar an tírdhreach agus ar na hainmhithe atá le feiceáil ann go fóill sa lá atá inniu ann. Bhain sé úsáid as an áit agus as siombailí eile chun a fhís maidir le saol iomlán eile a chur in iúl – ba ‘epiphanies of a truth beyond the limits of the accident that is Ben Bulben, Coole Park or Lissadel etc.’ a bhí iontu. Sa bhliain 1936, ceithre bliana tar éis bás na Bantiarna Gregory scríobh sé “I long for quiet; long ago I used to find it at Coole. It was part of the genius of that house”
Otters below and moor-hens on the top,
Run for a mile undimmed in Heaven’s face,
Then darkening through ‘dark’ Raftery’s ‘cellar’ drop,
Run underground, rise in a rocky place
In Coole demesne, and there to finish up
Spread to a lake and drop into a hole.
What’s water but the generated soul?’
– W.B. Yeats ‘Coole Park and Ballylee, 1931’